Ainm: | Bríd Ní Dhochartaigh | |
Áit Chónaithe: | Béal an Átha Móir |
Áit Dúchais: | Droim an Aonaigh |
Catagóir: | An Duine |
Fochatagóir: | An Óige agus Aois |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
As Droim an Aonaigh ó dhúchas Bríd agus rugadh sa teach os cionn na scoile í. Rud beag cainte ar an saol a bhí aici ar scoil. D’fhág sí an scoil nuair a bhí sí ceithre bliana déag agus d’oibrigh sí i dteach Chanainn i mBaile na Finne – sa teach tábhairne agus sa siopa a bhí ag an bhean sin. Sé phunta sa mhí a fuair Bríd. D’imigh sí go Glaschú ina dhiaidh sin i 1950 agus fuair sí obair in otharlann meabhairghalair (mental hospital) áit do ‘dhaoine nach raibh ar dóigh’. Ní raibh sí ann ach fá choinne dhá bhliain. Fuair sí £52 sa mhí sa phost sin. | 00:02:58 | |
Óige Bhríd – an áit a tógadh í. Bhí naonúr sa teaghlach. D’inis sí an scéal fán dóigh a bhfuair deirfiúr deireanach s’aici bás. Scaip an teaghlach agus d'imigh cuid acu go hAlbain – iad ag seoladh airgid ar ais chun an bhaile. | 00:03:00 | |